Fáilte chuig Touch Typing Study!

An bhfuil tú fós ag clóscríobh le dhá mhéar? An bhfuil sé fós ort féachaint ar an méarchlár roimh gach eochairbhuille?

Bhuel, is suíomh gréasáin saor in aisce é Touch Typing Study atá furasta le húsáid agus a ceapadh chun cabhair a thabhairt duit do luas agus cruinneas clóscríofa a fhoghlaim, a chleachtadh agus a fheabhsú. A luaithe is atá tú in ann tadhallchlóscríobh a dhéanamh, ní bheidh ort féachaint ar an méarchlár chun na litreacha ar mhaith leat a chlóscríobh a aimsiú agus chomh maith leis sin, beidh tú in ann clóscríobh ar luas i bhfad níos tapa!

Is modh é an tadhallchlóscríobh atá bunaithe ar chuimhne mhatán seachas ar an radharc. Ceadaíonn an modh seo duit luas iontrála sonraí i bhfad níos airde a bhaint amach, go háirithe más rud é gur gá duit téacs a thras-scríobh ó amharcábhair eile.

Má chlóscríobhann tú trí úsáid a bhaint as an modh tadhallchlóscríofa, cuirfear feabhas suntasach ar tháirgiúlacht do ríomhaire; cuirfear le do luas iontrála sonraí agus, más gá, laghdófar tuirse agus gortú do shúl.

Tá 15 ceacht, tástáil luais agus cluichí mar chuid de Touch Typing Study agus leis an méid sin is féidir leat an dóigh a fhoghlaim le clóscríobh a dhéanamh céim ar chéim, súil a choinneáil ar an a dul chun cinn atá á dhéanamh agat agus spraoi a bhaint amach!

Leagan amach méarchláir

Screenshot